CEIRD ATÁ Á CLEACHTADH LEIS NA CIANTA, ÁTÁ MÚNLAITHE AG TAOIDE AGUS AG AIMSIR
A tumbler of Cnoc Buí whiskey on a weathered piece of wood.
NÍ hIONANN AN SAOL ANSEO i gCARNA AGUS AN SAOL SA gCUID EILE DEN DOMHAN BÍONN AN AERÁID AGUS AN AIMSIR AG SÍORATHRÚ AGUS LEIS SIN CAITEAR GACH RUD A BHEARTÚ. LÉIRÍTEAR SIN SA mBEALACH A nDÉANFAIDH MUIDE FUISCE
NÍL AON AMHRAS ACH GO mBEIDH TIONCHAR AG AER ÚR NA FARRAIGE, BOLADH AN DEATAIGH, AGUS AG ADHMAD NA gCLÁR AR GACH BRAON DÁR gCUID FUISCE

BEIDH AN CEANTAR UAIGNEACH, CREAGACH  INA nDÉANTAR É LE BRAISTINT i bhFUISCE CHNOC BUÍ.

Déanfar ár gcuid fuiscí a thabhairt chun cineáil i mbairillí go ceann 8 mbliana ar a laghad nó go mbeidh ina gcúig chineál fuisce móindeataithe, fuisce dána agus láidir amhail chósta Chonamara féin.

  1. FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE
    (20PPM | 10 mBLIANA)
  2. FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE
    (20PPM | 10 mBLIANA | ARNA CHRÍOCHNÚ i mBAIRILLÍ SEIRSE)
  3. FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE
    (28PPM | 10 mBLIANA | TAGTHA CHUN CINEÁIL i mBAIRILLÍ BOURBON & OLOROSO)
  4. FUISCE AON BHRAICHE MÓINDEATAITHE GO LÁIDIR
    (55PPM | 8 mBLIANA | TAGTHA CHUN CINEÁIL i mBAIRILLÍ OLOROSO)
  5. FUISCE AON BHRAICHE MÓINDEATAITHE GO MÓR
    (80PPM | 8 mBLIANA)
FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE

20PPM | 10 mBLIANA

DÉANFAR AN FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE AR AN SEANBHEALACH, NACH mBAINEANN ACH LE hÉIRINN. EORNA AGUS EORNA BHRAICHE, DÚBAILTE FAOI DHÓ

An fuisce pota stile ceart as Éirinn mar a thugtar air, bhí an cineál seo fuisce ar an gcineál fuisce dorcha ba mhó a raibh tóir air ar fud an domhain tráth. É beagnach imithe i léig ar fad, tá an fuisce pota stile seo tagtha ar ais agus é ar cheann de na fuiscí Éireannacha is fearr a bhfuil ag éirí leis ar fud an domhain arís.

Fuisce é atá déanta as eorna agus eorna bhraiche, uisce agus giosta. Déanfaidh tithe braiche atá lonnaithe ar fud oileán na hÉireann brach den eorna de réir sonraíocht deataithe ar leith s'againne. Caithfidh an fuisce 10 mbliana ag teacht chun cineáil i mbairillí bourbon chun fuisce pota stile a bheidh dúbailte faoi dhó a dhéanamh a mbeidh blas mín agus an deataigh air.

Tá méadú mór ar an éileamh atá ar fhuisce móindeataithe ar fud na hEorpa, Mheiriceá agus i margaí atá ag teacht chun cinn agus is cinnte go mbeidh fuisce pota stile Chnoc Buí chun cinn agus tóir ag daoine air atá ag tóraíocht bealaí nua chun sult a bhaint as fuisce móindeataithe.

Idir an eorna agus an eorna bhraiche mhóindeataithe, beidh blas ar leith ar an bhfuisce s’againne - é mín, réidh agus milis ar an mbéal.

A whiskey dog disgorging whiskey into a nosing glass.
FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE

20PPM | 10 mBLIANA | ARNA CHRÍOCHNÚ i mBAIRILLÍ SEIRISE

FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE ARNA CHRÍOCHNÚ i mBAIRILLÍ SEIRISE

Fuisce pota stile móindeataithe aosaithe atá dúbailte faoi dhó as Conamara arna chríochnú i mbairillí seirise ó Jerez.

Lán le blas, samhlaigh cáca Nollag, figí triomaithe agus sabhdánaigh chomh maith leis an míneadas a bheadh ag baint le todóg as Cúba agus ní fada go dtuigfidh tú cad atá i gceist againn. Fuisce a bhfuil roinnt móindeatú déanta air (20PPM), é mín mar a bheadh uachtar i do bhéal, a bhfuil blas an deataigh agus an phota fós air - is stíl nua fuisce go cinnte é seo as Cósta Thiar na hÉireann.

Bhí an-tóir riamh ag saineolaithe fuisce ar fud an domhain  ar Mhóindeatú agus ar Sheiris. Ní bheidh díomá ar dhuine ar bith leis an bhfuisce aon phota stile 10 mbliana seo.

A hand holding a glass of Cnoc Buí whiskey.
FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE

28PPM | 10 mBLIANA | TAGTHA CHUN CINEÁIL i mBAIRILLÍ OLOROSO

FUISCE AON PHOTA STILE ATÁ MEASARTHA MÓINDEATAITHE i mBAIRILLÍ BOURBON AGUS OLOROSO

Ní minic a thugtar fuisce pota stile móindeataithe chun cineáil i mbairillí bourbon agus oloroso in áit ar bith ar domhan. Ach anseo i gConamara caithfidh muid 10 mbliana ag tabhairt ár gcuid fuisce chun cineáil i meascán de na bairillí seo.

Beidh an tseiris ón Oloroso le blaiseadh, é sin in éineacht leis an eorna agus an eorna bhraiche a bheidh measartha móindeataithe de réir ár sonraíochtaí ar leith féin (28PPM). Tá idir mhilseacht agus bhlas an deataigh ag baint leis an bhfuisce pota stile seo a bheidh dúbailte faoi dhó.

Is é an fuisce pota stile é is mó a bhfuil tóir air ag an té a bhfuil scil acu i bhfuisce agus tá éileamh thar cuimse ar an gcineál seo fuisce le roinnt blianta - tabharfaidh an fuisce pota stile móindeataithe seo an stíl chlasaiceach Éireannach seo chun cinn tuilleadh. Beidh an sáile ó na stórtha le cósta agus an tionchar a bheidh aige sin ar ár gcuid bairillí bourbon agus Oloroso le brath freisin ar fhuisce Éireannach aon phota stile Chnoc Buí.

Cuimhnigh ar na spíosraí ach oiread na fríde den salann sáile a bheith le brath ar an bhfuisce pota stile seo agus ag an am céanna blas an deataigh agus na seirse ar do bhéal, gan amhras is mar sin is ceart gach fuisce maith a bheith.

A tumbler of Cnoc Buí Irish whiskey on the sand.
FUISCE AON BHRAICHE MÓINDEATAITHE GO LÁIDIR

55PPM | 8 mBLIANA | TAGTHA CHUN CINEÁIL i mBAIRILLÍ OLOROSO

BEIDH AN-TÓIR AG LUCHT FUISCE AR SUIM LEO FUISCE MÓINDEATAITHE AR FHUISCE AON BHRAICHE MÓINDEATAITHE GO LÁIDIR CHNOC BUÍ

Is fuisce aon bhraiche nua dúbailte faoi dhó a bheidh móindeataithe go láidir an fuisce seo a thabharfar chun cineáil ar chósta Chonamara.

Déanfaidh teach braiche brach den eorna de réir ár gcuid sonraíochtaí ar leith móindeataithe féin - is é sin sonraíocht 55PPM agus déanfar an fuisce a thabhairt chun cineáil i mbairillí céad líonadh bourbon chun cineál nua fuisce aon bhraiche a bheidh dúbailte faoi dhó a dhéanamh a mbeidh blas láidir deataigh air.

Cineál ar leith fuisce a bheidh ann a thaitneoidh leosan ar fud an domhain ar maith leo fuisce móindeataithe.

A man inspecting a nosing glass of Cnoc Buí Irish whiskey.
FUISCE AON BHRAICHE MÓINDEATAITHE GO MÓR

80PPM | 8 mBLIANA

STÍL NUA-AIMSEARTHA DÉANTA FUISCE Á THABHAIRT GO CONAMARA LEIS AN bhFUISCE AON BHRAICHE MÓINDEATAITHE GO MÓR

Cineál nua-aimseartha fuisce á thabhairt isteach i bhfad siar in iarthar na hÉireann.

Déanfaidh teach braiche brach den eorna a bheidh móindeataithe go mór de réir ár gcuid sonraíochtaí ar leith féin (80 PPM). Gnáthmheascán d'fhuisce aon bhraiche a bheidh i gceist ach go mbeidh sé dúblaithe faoi dhó agus go mbeidh blas láidir deataigh air.

Ó tharla gur eorna bhraiche mhóindeataithe uilig a úsáidfear chun ár gcuid fuisce a dhéanamh agus go dtabharfar chun cineáil iad, ar dtús i mbairillí céad líonadh bourbon, beidh boladh ar leith na móna le fáil ar an bhfuisce chomh maith le blas milis agus móna orthu.

A hand holding a small glass of Cnoc Buí Irish whiskey against a cloudy sky.