IS ÁIT É CARNA LENA mBAINEANN CONTRÁRTHACHTAÍ GO LEOR, Ó NA BEANNA BEOLA Ó THUAIDH AGUS TAILTE FAIRSINGE PORTAIGH AN CHEANTAIR, NA LEITHINSÍ AGUS GÓILÍNÍ AGUS NA hOILEÁIN BHEAGA ATÁ AMACH UAIDH; IAD AR FAD BÁITE i gCULTÚR ÁRSA NA nGAEL AGUS NA TRAIDISIÚIN A BHAINEANN LE BEALACH AN ATLANTAIGH FHIÁIN
AN DRIOGLANN

I gCARNA, IORRAS AITHNEACH, CONAMARA, CO. NA GAILLIMHE A BHEIDH DRIOGLANN CHNOC BUÍ.

Leithinis gharbh is brí leis an ainm Iorras Aithneach, tréith a cheapann muide a bheidh le n-aithint ar bhlas agus ar an gcineál fuisce a dhéanfar ann.  Foirgneamh aitheanta a bheidh sa drioglann, a bheidh ag tarraingt ar an déanamh atá ar Shéipéal Mhic Dara, séipéal ón deichiú haois atá fós ina sheasamh ar an oileán den ainm céanna amach ó Charna. Is cinnte go ndéanfaidh an drioglann agus an t-ionad oidhreachta ionadaíocht ar an mbranda s'againne go ceann glúnta le teacht.

A porthole into a whiskey still.

NUAIR A BHEIDH AN FOIRGNEAMH SIN CRÍOCHNAITHE, BEIDH TEACH STILÉIREACHTA FUISCE ANN CHOMH MAITH LE STÓR BANNA, HALLA DO BHUIDÉALÚ, SIOPA EARRAÍ, CAFÉ, BEÁR DO BHLAISEADH FUISCE AGUS IONAD OIDHREACHTA.

DÉANAMH FUISCE

Beidh Drioglann Chnoc Buí in ann suas le 100,000 cás fuisce a sholáthar sa mbliain ar ionann sin agus 400,000 Lítear d’Fhíoralcól (LPA).

AN tIONAD OIDHREACHTA

Féachfaidh an tIonad Oidhreachta teacht i dtír ar na bealaí turasóireachta a bheidh feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus cur tuilleadh leis na háiseanna agus bailte turasóireachta i gConamara.

Tá muid ag súil gur tarraingt ann féin a bheidh sa Drioglann agus san Ionad Oidhreachta ó thaobh an dearaidh agus a láithreachta agus a dhéanfaidh ionadaíocht ar ár gcuid brandaí a bheidh ag teacht ó chroílár na Gaeltachta go ceann glúnta le teacht.

Beidh buntáiste mór don cheantar ag baint le tógáil Dhrioglann agus Ionad Oidhreachta Chnoc Buí i dtaobh fostaíocht in Iorras Aithneach agus spreagfaidh an Drioglann agus an tIonad Oidhreachta méadú mór ar thurasóireacht chun an réigiúin.

AN PRÓISEAS

Is ar an mbunbhealach céanna a dhéantar gach fuisce in Éirinn; ach bíonn tionchar ag nithe éagsúla ar bhlas agus ar charachtar an fhuisce.

I mBAISCEANNA BEAGA A DHÉANFAR FUISCE i nDRIOGLANN CHNOC BUÍ FUISCE AON BHRAICHE MÓINDEATAITHE AGUS FUISCE AON PHOTA STILE MÓINDEATAITHE AR ARDCHAIGHDEÁN A mBEIDH BLAS AGUS CHARACHTAR AR LEITH AG BAINT LEO.

Déanfar na fuiscí móindeataithe a choinneáil i mbairillí ina mbíodh bourbon chomh maith le bairillí Seirise Oloroso and Pedro Ximenez atá faighte againn ó Bodega Antonio Paez in Jerez.

A photo of Joe Connolly beside a barrel nosing a glass of whiskey.