AN FUISCE IS GAELAÍ DE NA FUISCÍ GAELACHA
A wave crashing to shore over rocks.
Ó CHÓSTA CREAGACH AGUS FARRAIGÍ ARDA GO BRATPHORTAIGH FAOI SPÉIR GHORMGHLAS, AR CHRÍOCHA FIÁINE CHONAMARA TÁ ANFA AGUS ÁILLEACHT IN ÉINEACHT
IS ANSEO A DHÉANFAR FUISCE A BHEIDH CHOMH DÁNA LEIS AN DREAM FÉIN AGUS CHOMH hAITHEANTA LE CLADAÍ CHONAMARA
BUNAITHE AR SCÉALTA D’ÉIRINN MAR A BHÍ AGUS Á DHÉANAMH i gCEANN DE NA CEANTAIR GHAELTACHTA IS LÁIDRE SA TÍR

Déanfar ionadaíocht le mórtas ar phobal uasal a chleachtann traidisiúin na háite agus a muintire rompu. Déanfar fuisce bunaithe ar na seanbhealaí stiléireachta agus eorna a bhrachadh ar an seanbhealach freisin. As teach stiléireachta atá neadaithe i gCuan álainn Charna, áit a imreoidh tionchar ar bhlas an fhuisce agus na cineálacha fuisce a dhéanfar ann. Fuisce ceart Chonamara é fuisce Chnoc Buí.

A view of rolling hills in Connemara.
FUISCE CHNOC BUÍ FUISCE AS CNOIC BHUÍ CHONAMARA

Mar gheall ar an gcaonach a bhíonn ar mhoghlaeirí ar fud an cheantair agus ar an aiteann buí a bhíonn ag fás go tréan sa gcuid seo de Chonamara a tugadh Cnoc Buí ar an drioglann.

Bíonn an ceantar álainn agus rúndiamhrach seo faoi bhrat buí, donn agus óir beagnach ocht mí den bhliain. Is radharc é seo a bhaineann le portaigh Chonamara - áit a bhfuil cnocáin bhuí ag éalú anuas ó na Beanna Beola ag déanamh ar an Atlantach.

Níl raibh aon ainm eile ann a thabharfadh léargas mar is ceart ar an áit a mbeidh an fuisce seo á dhéanamh.

DRIOGLANN CHNOC BUÍ
BHÍ CARNA RIAMH i bhFAD SIAR, ÁIT AR LEITH INA BHFUIL AMHRÁIN JOE ÉINNIÚ LE CLOISTEÁIL AR AN nGAOTH AGUS INA BHFUIL NA SLÉIBHTE MAORGA MAR A BHEADH DÉITHE FAOI SHUAIN.
‘CARNA’ LE GERRY MCLOUGHLIN
Dark clouds over the sea with the sun breaking through.
BEIDH TÍRDHREACH AGUS FIÁNTAS IARTHAR NA hÉIREANN LE BRATH AR FHUISCE CHNOC BUÍ

Idir bhairillí a bheith á n-aosú ag an bhfarraige, an úsáid ar leith a bhainfear as eorna agus móin agus muintir na Gaeltachta féin a bheith ag déanamh an fhuisce, beidh fuisce Chnoc Buí ar an bhfuisce is gaelaí ann.  Beidh an saol achrannach a bhain le Conamara agus an teacht aniar atá sna daoine le brath ar an bhfuisce a dhéanfar i gCnoc Buí.

Is as Loch an Iarainn, atá sna cnoic, os cionn Chuan Charna a tharraingeoimid an t-uisce. Bhí cáil riamh ar Loch an Iarainn mar gheall ar chaighdeán an uisce ann. Ba ann a théadh lucht farraige ag iarraidh fíoruisce sula dtabharfaidís faoi aistear fada trasna an Atlantaigh. Cuirfidh an foinse chéanna uisce seo le charachtar gach braon fuisce a thiocfaidh amach as drioglann Chnoc Buí.

A small ruined and roofless stone house by a wild shore.
53.3211930
-9.8356532
INSEOIDH AN FUISCE SEO SCÉAL ÁR MUINTIRE, AGUS NA dTEAGHLACH A RAIBH BAINT ACU LE DÉANAMH POITÍN
TÁ MUINTIR UÍ CHONGHAILE AG DÉANAMH POITÍN, DEOCH MHEISCIÚIL A BHAINEANN LE hIARTHAR NA hÉIREANN, LEIS NA GLÚNTA.
THIS WHISKEY TELLS THE STORY OF A FAMILY ANCHORED IN HISTORICAL ILLICIT DISTILLING
THE CONNOLLY FAMILY HAVE BEEN DISTILLING POITÍN, A TRADITIONAL LIQUOR NATIVE TO THE WEST OF IRELAND, FOR MANY GENERATIONS.
PADRAIC CONNOLLY
PADRAIC PHEAITS ANNA
1875 — 1966

Fear talún agus fear farraige, bhí cónaí ar Phádraic Pheaits Anna i dTír an Fhia, baile beag ar Gharmna i gConamara.

BHÍ AN-MHEAS AR AN bPOITÍN A DHÉANADH SÉ AGUS BA AR AN TEACHT ISTEACH ÓN bPOITÍN SIN A THÓG SÉ CLANN.

As na hOileáin go cladaí ó thuaidh Chuan na Gaillimhe ba mhinice le Pádraic dul.  Le bailte cois cladaigh gar do Chathair na Gaillimhe ba mhó a dhíol sé a chuid poitín.

FAOI DHORCHADAS NA hOÍCHE SHEOLADH SÉ A BHÁD, Í LUCHTAITHE LE POITÍN LENA DHÍOL LE FEIRMEOIRÍ I nDIAIDH AN AONAIGH, NUAIR A BHÍ A FHIOS AIGE GO mBEADH A gCUID PÓCAÍ TEANN AGUS DÚIL ACU i mBRAON DÁ CHUID POITÍN MÓINDEATAITHE.

Fear ciúin, chaith sé a shaol i dTír an Fhia, ag déanamh poitín go raibh sé go maith amach sna blianta.

MICIL CONNOLLY
MICIL PHADRAIC MHICHEÁLÍN
1889 — 1984

Ba as an Trá Bháin ar Gharmna Micil Phádraic Mhicheáilín, fear a chaith a shaol ag déanamh poitín agus pearsa mór ann féin.

D’IOMRAÍODH MICIL A CHURACH TRASNA FARRAIGÍ ARDA CHUAN NA GAILLIMHE CHUN CEAIGEANNA DÁ CHUID POITÍN A DHÍOL IN ÁRAINN AGUS i mBAILTE BEAGA EILE AR FUD IARTHUAISCEART CHONTAE AN CHLÁIR.

Nuair a rug ‘Peelers’ as Gaillimh air ag déanamh fuisce, cuireadh príosún air - trí huaire uilig.   Chuig príosún na Gaillimhe a cuireadh é, san áit a bhfuil Ard-Eaglais na Gaillimhe inniu.

BHÍ AN-CHÁIL AR AN STUIF A DHÉANADH SÉ, AR AN mBLAS A BHÍ AIR AGUS A LÁIDRE A BHÍODH A CHUID TURNANNAÍ FUISCE.

Amhail Pádraic Pheaits Anna, chaith Micil Phádraig saol fada i nDeisceart Chonamara.

A photo of Joe Connolly beside a barrel with a nosing glass of whiskey in his hand.
‘Maireann an chraobh ar an bhfál, ach ní maireann an lámh a chur’
THE STONE ON THE WALL OUTLIVES THE HAND THAT LAID IT
AN CHÉAD GHLÚIN EILE STILÉIRÍ

JOE CONNOLLY | BUNAITHEOIR

Is cainteoir dúchais Gaeilge é Joe a bhí ina chaptaen ar fhoireann iománaíochta na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann. Fear é Joe a bhfuil Conamara go smior ann.

IS É JOE AN CEANGAL IDIR OIDHREACHT POITÍN MHUINTIR UÍ CHONGHAILE AGUS AN CHÉAD GHLÚIN EILE STILÉIRÍ.

Idir scéal ár n-oidhreachta stiléireachta, in éineacht le ceantar creagach Charna, áit a dhéanta, déanfar fuisce Éireannach i nDrioglann Chnoc Buí a mbeidh ardmheas ag saineolaithe fuisce ar fud an domhain air.

A photo of Barry Connolly beside a barrel inspecting a sample of whiskey.
AN CHÉAD GHLÚIN EILE STILÉIRÍ

BARRY CONNOLLY | BUNAITHEOIR

Is é Barry an chéad ghlúin eile stiléirí i measc mhuintir Uí Chonghaile agus a dhéanfaidh fuisce ceirde ar ardchaighdeán le mórtas.

Beidh seisean ar an gcúigiú glúin stiléirí agus ní mórán teaghlach atá in ann é sin a rá.

TARRAINGEOIMID AR AN OIDHREACHT SIN CHUN DRIOGLANN FUISCE AGUS IONAD CUAIRTEOIRÍ NUA-AIMSEARTHA DE SCOTH AN DOMHAIN A DHÉANAMH I gCARNA, CONTAE NA GAILLIMHE.